Sprioc fíor nó bréagach
Léigh an giota ar an bhfocal bó agus Bain Sult as an bhFírinne agus imir an cluiche Fíor nó Bréagach bunaithe ar na ráitis a leanas. Éistíonn na daltaí le gach ráiteas agus má shíleann siad go bhfuil an ráiteas sin fíor, caitheann siad rud leis an sprioc. Bíonn an bua ag an chéad dalta a bhuaileann an sprioc ach beidh orthu a gcuid fáthanna a mhíniú.
- Sa sean-am, nuair a fuair muintir na hÉireann ba mar íocaíocht, mharaigh siad agus d’ith siad iad
- Thug daoine eallach chuig adhlacadh Dhomhnaill Uí Conchobhair mar bhí dúil mhór aige iontu
- Le linn na Meánaoiseanna, ba dhócha go raibh sé níos fusa taisteal chuig áiteanna áirithe in Éirinn ar an fharraige seachas ar an talamh
- Sa sean-am in Éirinn, baineadh úsáid as eallach le rudaí a tharraingt agus a iompar ó áit go háit
Onamataipé
Mhaigh scolairí na Meánaoiseanna in Éirinn go ndearna na ba fuaim a bhí cosúil le bu, buo nó boo agus is mar sin a fuarthas an t-ainm bó. Níl sé seo fíor áfach agus gach seans go raibh na scoláirí sin ag magadh nuair a mhaígh siad é. I gcuid mhór teangacha afách tá focail ann atá an-chosúil leis na fuaimeanna a ndéanann siad tagairt dóibh. Tugtar onamataipé air seo.
Seo roinnt samplaí ón Ghaeilge: cnag, plab, spalp, casacht, trup
Seo roinnt samplaí ón Bhéarla: sizzle, burp, hum, shush, vroom, splash, gurgle, mumble
De ghnáth, bíonn onamataipé ag baint leis na fuaimeanna a dhéanann ainmhithe agus créatúir eile. Déanann bó géim, déanann lachain vác agus déanann cait míáú. Cé go ndéanann ainmhithe na fuaimeanna céanna áit ar bith a mbíonn siad ar an domhan, bíonn dóigheanna éagsúla sna teangacha éagsúla leis na fuaimeanna seo a scríobh agus a litriú.
Íoslódáil na póstaeir as Íomhánna. Ba chóir do mhúinteoirí moladh do na daltaí smaoineamh go cúramach ar an litriú Gaeilge.
Taighde ar thraidisiúin áitiúla
Bain úsáid as Cnuasach Bhéaloideas Éireann (www.duchas.ie) agus faigh amach faoi thraidisiúin agus scéalta áitiúla a bhaineann leis na ba. Reachtáil ócáid scéalaíochta agus tabhair cuireadh don teaghlach, do chairde agus do dhaoine eile sa phobal. Beidh deis ag gach dalta insint don lucht éisteachta faoi na traidisiúin agus scéalta ar chuala siad fúthu. Cuir isteach réimse faisnéise faoi éin agus faoi ainmhithe eile seachas na ba.
Gluais
béaloideas: seanscéalta traidisiúnta srl.
cáin: airgead is gá a íoc leis an rialtas srl.
carbad: cineál cairte a d’úsáid saighdiúirí fadó
eallach: ba agus tairbh
Fear Ionaid na hÉireann: An fear a bhí in Éirinn ar son Rí Shasana