Bain Sult as an bhFírinne!

Bhí luach mór ar eallach agus bhí sé furasta iad a bhogadh ó áit go háit. Míníonn sé seo cad chuige ar goideadh iad go minic. I stair agus i litríocht Gaeilge na Meánaoiseanna tá cuid mhór mionchuntas ar chreacha eallaigh (goid bó agus ainmhithe eile) ar nós Táin Bó Cuailnge.

Is cosúil go raibh nós ann, le linn na Meánaoiseanna, eallach a thabhairt chuig adhlacadh daoine. Ag tagairt do Dhomhnall Ó Conchobhair, a maraíodh sa bhliain 1307 agus a cuireadh i Mainistir na Búille, deirtear in Annála Chonnacht: ‘nár tugadh an oiread sin ainmhithe, éan agus eallaigh chuig adhlacadh riamh is a tugadh chuig adhlacadh Dhomhnaill’.

De réir dealraimh, bhí an t-eallach in Éirinn beag agus dath dubh air go ginearálta, eallach ar nós bhó Chiarraí, sa lá atá inniu ann, ach tá tagairtí ann d’eallach a raibh dath dearg, donn agus bán air chomh maith.

D’ith muintir na hÉireann cuid mhór táirgí déiríochta le linn na Meánaoiseanna, idir bhainne, uachtar, im agus cháis. Deir scéal amháin ón tSean-Ghaeilge gurb é an bainne an bia is fearr óir ‘tá sé maith agus é úr, maith agus é sean, maith agus é tiubh agus maith agus é caol’.

Meastar go bhfuil thart faoi 988 milliún ceann eallaigh ar an domhan!