Iarsmaí i bportaigh
Maireann seithe ainmhí (a bhíodh in úsáid le bróga a dhéanamh), leathanaigh lámhscríbhinní déanta le veilleam nó fiú coirp duine na céadta nó na mílte bliain i bportach. Cuireann an sfagnam (caonach) ar na portaigh cosc ar an ocsaigin dul a fhad leis an rud atá faoin talamh. Chomh maith leis sin, déanann an sfagnam an talamh fliuch níos aigéadaí. Sna dálaí seo, lobhann ábhar orgánach go hiontach fadálach.
Ina ngrúpaí, thig le daltaí Clár Tionscadail fíor nó fíorúil a chruthú ar ábhar acu seo a leanas: Saltair an Fheadáin Mhóir, Fear Chaisil, Seanfhear Chruacháin, Fear Chluan Uí Chaomháin. Tá ábhar i Nascanna a chabhróidh leis seo. Ba chóir go mbeadh grúpa amháin ar a laghad ag obair ar ábhar difriúil. Seo thíos cuid de na téamaí is féidir a chur san áireamh:
- Cur síos gairid ar an rud ar thángthas air
- An áit inar thángthas ar an rud a aimsiú ar léarscáil
- Cén tréimhse lena mbaineann an rud ar thángthas air?
- Cé na rudaí eile ar thángthas orthu sa cheantar chéanna?
- Cad é an dóigh a léiríonn Saltair an Fheadáin Mhóir agus Seanfhear Chruacháin go raibh teagmháil idir Éireannaigh agus an domhan mór?
- Cad é atá le foghlaim faoi shochaí na hÉireann ón rud ar thángthas air?
- Cad é mar a chaomhnaítear na rudaí seo anois?
Focail Ghaeilge sa Bhéarla
Tháinig an focal bróg isteach sa Bhéarla mar brogue. Amharc ar na péirí focal thíos. Cóipeáil agus tarraing saighead a léiríonn cé acu a tháinig an focal isteach sa Ghaeilge ón Bhéarla nó sa Bhéarla ón Ghaeilge.
Béarla | Gaeilge |
boreen | bóithrín |
kettle | citeal |
keen | caoin |
crack/craic | craic |
whiskey | uisce beatha |
breakfast | bricfeasta |
banshee | bean sí |
NB: Ar dtús, focal as Albain nó Tuaisceart Shasana ab ea crack a tháinig isteach sa Gaeilge mar craic san fhichiú haois agus a tugadh ar ais sa Bhéarla faoin litriú Gaeilge. Mar sin de, ba chóir go rachadh an tsaighead an dá threo!
Scríbhneoireacht chruthaitheach
Samhlaigh go gcaithfidh tú dul ar scoil agus péire bróg ort atá cosúil leis na cinn ar thángthas orthu ar Phortach Chúil an Túir. Cuir síos ar na bróga agus ar an dóigh ar tháinig tú orthu. Cén fáth a gcaithfidh tú iad a chur ort? Cad é a tharla do do bhróga féin? Cad é mar a mhothaíonn tú agus na bróga ó Chúl an Túir (Íomhánna) ort? Cad é a déarfaidh do chairde sa rang agus do mhúinteoirí?
Gluais
bail: an dóigh atá ar rud maidir le cuma, caighdeán nó feidhm
cré-umha: miotal atá déanta le meascán de chopar agus miotail eile mar shampla stán, sinc nó alúmanam
fianaise: an fhaisnéis nó fíricí atá le húsáid lena fháil amach an bhfuil scéal nó teoiric fíor nó bréagach
portach: talamh atá bog agus fliuch