Gníomhaíochtaí

Fíorchás altrama

Seo thíos cuid de dhán le Giolla Brighde Mac Con Midhe, a mhair sa tríú haois déag. Pléann an dán cailín darb ainm Gormlaith iníon le Domhnall Mór Ó Domhnaill as Tír Conaill. Fuair Gormlaith bás nuair a bhí sí cúig bliana d’aois.  Chuaigh sí ar altram chuig fear a raibh ‘Domhnall thoir’ air; b’fhéidir Domhnall mac Aodh Uí Néill as Tír Eoghain atá i gceist.

Léigh an sliocht agus scríobh freagraí ar na ceisteanna mar ghníomhaíocht Timpeallán. Roinn na daltaí ina ngrúpaí de sheisear. Beidh smeach-chairt ag gach grúpa le ceist amháin scríofa uirthi. Bogfaidh gach grúpa chuig na leathanaigh éagsúla le freagra a scríobh ar gach ceist. Léifidh siad na freagraí a scríobh na grúpaí eile agus is féidir leo aontú, easaontú nó cur leis an fhreagra. Ba chóir go mbeadh deis ag gach grúpa trácht a dhéanamh ar gach ceist agus ba chóir go mbeadh dathanna éagsúla ar phinn ag gach grúpa.

Eochair shíothchána Shíl Chuinn
altrom inghine Í Dhomhnuill;
breith Ghormladha tar sliabh soir
do iadh comhladha an chogoidh.

Dob athair di an Domhnall thiar –
thug a n-aigneadh ar éinrian;
dob oide di an Domhnall thoir –
dob í conghlann a gceanoil.

Fríoth lé buar is brat naoidhe,
fríoth sochar is somhaoine;
a cumha i gceann a solaidh
earr umha ar na hasgadhaibh.

Altram iníon Uí Dhomhnaill
eochair shíochána Shíol Chuinn (muintir an tuaiscirt)
breith Ghormlatha thar sliabh soir,
dhún sin comhlaí an chogaidh.

Domhnall thiar ab athair di –
chuir sí a n-aigne ar aon rian;
Domhnall thoir ab athair altrama di –
ba í cónasc a gceangail.

Fuarthas léi buar agus brat nua,
fuarthas sochar agus somhaoin;
a cumha in ionad a sola,
bhí na haiscí in aisce.

 

  • Nuair a chuaigh Gormlaith ar altram cad é a thug sí léi chuig ‘Domhnall thoir’?
  • Cad chuige, dar leat, ar tugadh eallach do ‘Dhomhnall thoir’?
  • Cad é atá le baint as an chur síos ar éadaí Ghormlaith mar naoidhe (‘nua’)?
  • Cad é atá le foghlaim ón dán faoi chaidreamh idir muintir Thír Chonaill agus muintir Thír Eoghain?
  • Cad chuige ar roghnaíodh ‘Domhnall thoir’ le bheith ina athair altrama ag Gormlaith?
  • Cuireadh Gormlaith ar altram nuair a bhí sí i bhfad níos óige ná cúig bliana d’aois. Samhlaigh na mothúcháin a bhí ag a teaghlach féin agus a teaghlach altrama nuair a chuaigh sí ar altram agus nuair a fuair sí bás.
Divider

Cialla ag athrú

Is sampla é an focal Gaeilge dalta d’fhocal ar athraigh a chiall le himeacht ama. ‘Páiste altrama’ an chiall a bhíodh leis blianta fada ó shin ach anois ciallaíonn sé ‘mac léinn nó duine a bhíonn ag foghlaim’. Seo thíos roinnt focal eile ar athraigh an chiall atá leo:

Sa Bhéarla b’ionann girl agus ‘duine óg’ agus d’fhéadfadh duine fireann nó duine baineann a bheith i gceist

Sa Ghaeilge ‘duine a thug aire do na ba’ an chiall a bhí leis an fhocal buachaill, ach sa Nua-Ghaeilge, is ionann buachaill agus ‘duine fireann óg’

Bain úsáid as Nascanna agus Oxford English Dictionary (www.oed.com), agus faigh amach faoi na hathruithe a tháinig ar chialla na bhfocal seo: nice, sly, wicked, sinister.

Bain úsáid as Íomhánna, electronic Dictionary of the Irish Language (www.dil.ie) agus Leabharlann Teanga agus Foclóireachta (www.teanglann.ie/ga/), agus faigh amach faoi na hathruithe a tháinig ar chialla na bhfocal cló agus fadhb.

Divider

Suíochán te

Roghnaigh duine ón rang le ceachtar den dá ról seo a ghlacadh:

Cailín atá le teaghlach altrama in Éirinn sa luathré nach bhfuil ag iarraidh bróidnéireacht a fhoghlaim ach atá ag iarraidh dul a mharcaíocht ar chapall leis na gasúir NÓ páiste nach bhfuil mórán stádas sóisialta aige atá in éad leis na páistí uaisle agus an bia maith agus na héadaí geala a chaitheann siad. Lig do na daltaí eile sa rang ceisteanna a chur orthu faoina mothúcháin agus na fáthanna atá leo.

Divider

Gluais

altramas: páisté a thógáil go gearrthéarmach nó go fadtéarmach ag daoine fásta nach iad na tuismitheoirí breithe iad

dáimh: gaol nó ceangal mothúchánach idir dhaoine

sochaí: an pobal i gcoitinne agus mar atá sé struchtúrtha

Divider