Gníomhaíochtaí

Fáilte ón am atá caite

Tá sliocht thíos ó scéal meánaoiseach Gaeilge dar teideal Esnada Tige Buchet ‘Amhráin Theach Buchet’. Is dócha gur on deichiú haois é. Léigh an sliocht agus úsáid an modh Smaoinigh, Gabh i mBeirt, Gabh i bPáirt le smaoineamh ar na ceisteanna. Ba chóir do dhaltaí a bheith ábalta fáthanna agus fianaise a thabhairt lena bhfreagraí nuair is cuí agus ba chóir dá gcomhdhaltaí aiseolas dearfach a thabhairt ar cé chomh maith a rinneadh pointí agus mar a tacaíodh leo.

Tech n-oeged fer nÉrenn a thech in Buchet. Níro díbdad teni fo a choiriu ó ro gab threbad. Ingen do Chathaír Mór mac Fheidlimthe, do ríg Laigen ina h-ucht. Dá mac deac ar fichit la Cathaír. Tictis-side do oígidecht ocus do acallaim a sethar. Do-meltis oígidechta fichtib ocus tríchtaib. Ba robec leo-som ón co mbertis aisceda. Ba menic didiu a timgaire, uair do-bered fer díb h-eochu ocus in fer eili in seisrig ocus fer eili scoí dona buaib, coro fásaigset maic Cathaír fo deoid, conná fargabsat leis acht .vii. mbaí ocus tarb, bale i rrabatar na .vii. n-árge.

Teach aíochta d’fhir na hÉireann é teach Buichid. Níor múchadh tine faoina choire ó ghlac sé seilbh. Bhí iníon do Chathaoir Mór mac Fheidlimidh, rí Laighean, in altramas aige. Bhí 32 mac ag Cathaoir. Thagadh siad ar aíocht agus chun cainte lena ndeirfiúr. Thagadh fiche agus tríocha duine acu ar aíocht. Ní raibh a ndóthain acu go raibh aiscí faighte acu. Ba mhinic iad ag tathant agus bheireadh duine acu eacha agus duine eile acu an seisreach agus duine eile acu fós áirí go dtí gur chreach siad é (Buichead) ag an deireadh agus nár fágadh aige ach seacht mbó agus tarbh amháin, áit a mbíodh seacht n-ealta.

 

  • Cad é atá i gceist le ‘níor múchadh tine faoina choire ó ghlac sé seilbh’?
  • Bhí 32 mac ag Cathaír. Cad chuige ar ar tháinig siad ina ‘fiche agus tríocha duine acu ar aíocht’?
  • Cad é mar a rug siad buntáiste ar Buchet?
  • Cad chuige nár chuir Buchet stop leo?
Divider

Seanfhocail

Is frásaí gairide, cliste iad na seanfhocail a úsáidtear agus atá ar eolas go forleathan. Chomh maith leis sin, tá siad ‘sean’ – in úsáid le fada. In amanna, caithfidh tú smaoineamh ar an chiall go dtí go n-éiríonn sé soiléir. Mar shampla, léigh an seanfhocal seo thíos:

Is geall le fleá bia go leor

Cad é a bheadh i gceist ag duine a déarfadh seo? Amharc ar shamplaí eile de sheanfhocail, i nGaeilge agus i mBéarla i Nascanna. Cé acu a chuala tú roimhe? Cad é a chiallaíonn siad? An bhfuil seanfhocail i dteangacha eile agat? Cá huair, do bharúil, a d’úsáidfeá seanfhocal?

Divider

Fadhbanna bíseacha

Faigh amach faoin obair atá ar siúl i do cheantar féin le bia agus cuidiú eile a thabhairt do dhaoine a bhfuil sé de dhíth orthu. B’fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar obair Ionad Lae na gCaipisíneach i mBaile Átha Cliath agus na Penny Dinners i gCorcaigh. Ar Bís Ealaíne iarr ar gach duine pictiúr a tharraingt nó cúpla focal a scríobh a léiríonn a gcuid smaointe agus mothúchán faoi na fadhbanna a bhíonn ag daoine agus na hiarrachtaí chun iad a réiteach. Tabhair go leor ama don rang amharc ar an bhís ina hiomláine agus a chur leis an mhéid atá déanta cheana féin.

Ionad Lae na gCaipisíneach:

https://www.capuchinfranciscans.ie/our-work/ministries/homeless/

Penny Dinners Chorcaí:

http://corkpennydinners.ie

Divider

Gluais

cliathán: píosa feola

damh: tarbh mór láidir a choinníonn daoine ar fheirm le bheith ag obair

sceanra: uirlisí a úsáideann daoine agus iad ag ithe – foirc, sceana srl.

Divider