Bain Sult as an bhFírinne!

Sa tSean-Ghaeilge tugadh briugu ar an duine ar leis brú nó teach lóistín. De réir an dlí ag an am sin, bhí dualgas air fáilte a chur roimh gach duine agus bia agus lóistín a thabhairt saor in aisce do gach duine a tháinig an bealach.

Bhí taistealaithe i dteideal bia agus lóistín ag na tithe seo ach má ba dhuine uasal thú, bhí tú i dteideal an mhéid chéanna ó dhuine ar bith a bhí dílis duit. Má ba rí thú thiocfadh leat bia agus lóistín a iarraidh duit féin agus do do chuid giollaí agus lucht leanúna.

Mura raibh an briugu fial go leor lena gcuid aíonna, rinneadh é a náiriú agus a mhaslú. Ina lán scéalta meánaoiseacha is minic carachtair a dhéanann gearán iontach greannmhar faoin fháilte a cuireadh rompu. Dúirt duine amháin gur tugadh ‘bainne lofa gorm’ di agus ceithre bheart bheaga de coirce dóite ó pháirc nach soilsíonn an ghrian uirthi!

Mhair an Gorta Mór ó thart faoi 1845 go 1849. Faoi Mheitheamh 1847, meastar go raibh suas le 1850 Coire Gorta agus Teach Anraith ar obair in Éirinn agus go raibh breis agus trí mhilliún duine ag brath orthu faoi choinne béile laethúil.