Gníomhaíochtaí

An leathanach meánaoiseach

Amharc ar na leathanaigh ó Leabhar na hUidhre agus Leabhar Mór Leacain atá in Íomhánna. Mar rang, cruthaígí Cnuasach Post-It de rudaí a thug sibh faoi deara ar na leathanaigh seo agus cruinnígí smaointe faoi seo ar chlár taispeántais. Ba chóir plé a bheith i ndiaidh na gníomhaíochta seo faoi chuid de na pointí seo nó fúthu uile:

  • Chuir scríobhaithe focail thart ar phoill sa veilleam – bhí an t-ábhar róluachmhar le caitheamh i leataobh mura raibh sé foirfe
  • Tá nótaí scríofa ar na himill agus os cionn na línte, díreach mar a dhéanaimid sa lá atá inniu ann
  • Ní féidir i gcónaí a fheiceáil cá háit a gcríochnaíonn focal amháin agus a dtosaíonn ceann eile. Tugtar scriptio continua (peannaireacht leanúnach) air seo. Bain triail as scríobh gan spásanna! An bhfuil sé furasta rud atá scríofa mar seo ag duine eile a léamh?
  • Tá cuid de na litreacha níos airde ná a chéile; tá dathanna ar chuid acu. Go minic is ceannteidil iad seo a léiríonn go bhfuil tús le cuid nua. Cuir é seo i gcomparáid le leabhar de chuid an lae inniu agus go mbíonn na ceannteidil i gcló eile nó i gcló trom
  • Tá 300 bliain idir scríobh an dá lámhscríbhinn seo ach tá an scríobh iontu iontach cosúil lena chéile
Divider

Laidin thart timpeall orainn

Is ón Laidin a tháinig an Iodáilis, an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Fhraincis agus an Rómáinis. Labhraíodh í ar dtús thart ar an Róimh ach spréigh sí ar fud Iarthar na hEorpa. Is ón Laidin a tháinig cuid mhór focail Ghaeilge, go háirithe iad sin a bhaineann leis an léann, litearthacht, cúrsaí eaglaise, dátaí agus amanna.

Le hamharc níos mine ar fhocail Ghaeilge agus ar an bhaint atá acu leis an Laidin, íoslódáil an bhileog oibre thíos agus gearr amach na cártaí. Ansin, meaitseáil na cártaí ar a bhfuil focail Nua-Ghaeilge leis na focail Laidine ónar tháinig siad leis na cártaí íomhá.

Nuair a bhíonn na freagraí á míniú, b’fhéidir gur mhaith leis na múinteoirí labhairt faoi shamplaí nach mbaineann le reiligiún ná leis an eaglais; tháinig fíon go hÉirinn ó mhór-roinn na hEorpa, fuarthas an focal corcra ar iasacht agus b’fhéidir gur fianaise é seo go ndearna na Gaeil aithris ar nós a bhí ag na Rómhánaigh dath corcra a bhaint as sliogiasc darb ainm cuachma chon, agus bhí an focal dúchasach memm sa tSean-Ghaeilge ar ‘póg’ ach gur imigh sé as teanga an lae inniu.

Divider

Scríobhaithe an lae inniu

Scríobh d’ainm nó teachtaireacht ghairid sa chló Ghaelach. Is féidir a fháil amach cén chuma a bhí ar na litreacha anseo:

https://www.lexilogos.com/keyboard/gaelic_irish.htm

Péinteáil nó stampáil na litreacha ar mhála trí úsáid gearradh líonóile nó gearradh adhmaid.

Divider

Gluais

Laidin: an teanga a labhair na Sean-Rómhánaigh

seithe: craiceann ainmhí, mamach go háirithe

Divider