Gníomhaíochtaí

An dúlra

Úsáid Nascanna le smaointe a spreagadh agus eagraigh Díospóireacht Speictreaim ar an ráiteas ‘Ba Chóir an Mac Tíre a Thabhairt ar Ais go hÉirinn’. Ón tús, ba chóir do dhaltaí iad féin a chur ar líne idir dhá dhearcadh dhifriúla; de réir mar a leanann an díospóireacht agus an plé ar aghaidh, tá cead acu bogadh i gceachtar treo.

I measc na bpointí i bhfách leis an mholadh, bheadh:

  • áit dúchais í Éire ag an mhac tíre; is cuid dár n-oidhreacht é
  • bheadh an mac tíre tairbheach don éiceachóras nádúrtha
  • is beag contúirt do dhaoine a bhaineann leis an mhac tíre óir is ainmhí aonair é
  • mheallfadh ‘breathnú ar mhic tíre’ turasóirí

I measc na bpointí in éadan an mholta, bheadh:

  • tá an mac tíre contúirteach ag ainmhithe agus ag daoine
  • an gnáthóg ina maireann an mac tíre, níl a leithéid in Éirinn níos mó mar gheall ar an dífhoraoisiú agus a leithéid
Divider

Meafair

Is comhfhocal nó frása gairid é meafar. Sampla de mheafar é mac tíre. Ní meafar é an focal faolchú a chiallaíonn an rud céanna.

I nGaeilge an lae inniu, is meafair iad na hainmneacha atá ar chuid mhór ainmhithe, mar shampla:

ceann cait, a chiallaíonn ulchabhán a bhfuil cluasa fada air

muc mhara, an t-ainm atá ar mhamach mara atá cosúil le deilf

bás dorcha, focal eile ar ialtóg (meafar eile é sciathán leathair a chiallaíonn an rud céanna)

aershníthid, sa tSean-Ghaeilge is ainm é seo ar dhamhán alla (meafar eile)

An bhfuil meafair mar seo ar eolas ag an rang i nGaeilge, Béarla nó i dteanga eile. Cum meafair úra ar ainmhithe agus nithe beo eile.

Divider

Foghlaim faoi ghearradh líonóile

Amharc ar an ghearradh líonóile de mhac tíre a ghabhann leis an chuid seo. Foghlaim faoi ghearradh líonóile agus cruthaigh do phictiúr féin de mhac tíre ag glamaireacht ar an ghealach.

Divider

Gluais

eachtraí: rudaí suimiúla, spreagúla a tharlaíonn nó a dhéanann daoine

éiceachóras: mar a oibríonn an timpeallacht sa domhan. Tá a ról féin ag gach rud beo san éiceachóras

gnáthóg: an áit is fearr le hainmhí a shaol a chaitheamh. Poll faoin talamh an ghnáthóg atá ag coiníní, mar shampla

Divider