Gníomhaíochtaí

Ráthanna a athshamhlú

Amharc ar Íomhánna agus eagraigh gníomhaíocht Tobsmaointeoireachta bunaithe ar na ceisteanna seo a leanas. Ba chóir glacadh le gach smaoineamh ar dtús, gan bhreithiúnas, agus iad a achoimriú ar chlár bán.

Ansin, bí ag amharc ar na físeáin i Nascanna agus gabh ar ais chuig an chlár bhán lena fháil amach an bhfuil rud ar bith ar iarraidh nó cé acu freagraí ar mó an seans iad a bheith ceart.

  • Tá cuid mhór bruach ag an ráth in Íomhá 1. Bheadh cuid mhór oibre ag baint le bruach a thógáil. Cé na buntáistí a bheadh le cuid mhór acu a bheith ag ráth?
  • Tá pasáiste faoi thalamh in Íomhanna 2 agus 3 ar a dtugtar ‘uaimh thalún’. Cad é an úsáid a bheadh leis seo?
  • Amharc ar Íomhánna 4–6. Cé na smaointe a chuireann siad i do cheann faoi na cineálacha gníomhaíochtaí a bhí ar siúl taobh istigh agus taobh amuigh den ráth?
  • Íomhá 7: cé na difríochtaí idir tithe mheánaoiseanna na hÉireann agus tithe an lae inniu?
Divider

Logainmneacha Galldaithe

Daoine a raibh Béarla acu agus nach raibh ach beagán Gaeilge acu, a scríobh síos na logainmneacha atá in úsáid sa lá atá inniu ann. Deirimid gur cuireadh Béarla ar na logainmneacha seo óir athraíodh na logainmneacha ó na hainmneacha bunaidh go dtí leagan a scríobh daoine nach raibh Gaeilge acu.

Úsáid na bunachair shonraí logainmneacha i Nascanna. An dtig leat a oibriú amach cé na hainmneacha Gaeilge a bhí orthu sular cuireadh Béarla orthu? Is leaganacha iad d’ainmneacha ina raibh na focail lios, ráth agus .

Ardara

Maghera

Knockaraha

Gortalassa

Manuslynn

Cussee

Is ionann Knockaraha agus Cnoc an Rátha. Aimsigh logainm i do cheantar féin ina bhfuil focail éagsúla Ghaeilge agus cruthaigh Clár Pictiúr ina bhfuil gnéithe closamhairc a léiríonn na focail Ghaeilge.

Divider

An tírdhreach áitiúil

Aimsigh ráth atá in aice libh trí úsáid an Historical Environment Viewer. Tabhair cuairt ar an ráth agus glac grianghraf de agus den chomhartha ar a bhfuil an t-ainm, má tá a leithéid ann. Postáil na grianghraif ar chuntas Facebook, Twitter nó Instagram na scoile, nó cruthaigh clár grianghraf don seomra ranga.

An dtig leat an bruach, clós agus doras a aithint?

An dtig leat an chiall atá leis an logainm a oibriú amach?

Cá háit a dtógfá ráth i do shráidbhaile, baile mór nó cathair? Dear an ráth agus mínigh cad chuige ar roghnaigh tú an suíomh.

Divider

Gluais

ársa: thar a bheith sean, an-aosta go deo

dún: foirgneamh nó áit chónaithe a dearadh go speisialta le daoine a choinneáil sábháilte

logainmneacha: is logainmneacha iad Béal Feirste, Fear Manach, Washington

ar trastomhas: an fad ó thaobh amháin de chruth go dtí an taobh eile

Divider