réalta

réalta

Le blianta fada anuas agus ó bhí an sean-am ann, tá muintir na hÉireann ag breathnóireacht ar an dóigh a mbogann na pláinéid agus na réaltaí. Tá an tuama meigiliteach ag Brú na Bóinne, a tógadh thart faoi 5200 bliain ó shin, ailínithe go díreach le héirí na gréine ar Ghrianstad an Gheimhridh agus bíonn tarraingt mhór go fóill ar phláinéadlanna in Ard Mhacha agus i mbaile darb ainm an Scoil in Iarthar Chorcaí.

De réir mar a scaipeadh an Chríostaíocht ar fud na hEorpa, mhéadaigh an tsuim a bhí ag cuid mhór tíortha sna dóigheanna ar féidir cúrsaí na gréine agus na gealaí a úsáid le himeacht ama a mheas. Bhí suim ar leith ag an Eaglais i gcúrsa na gealaí óir d’oibrigh siad dáta na Cásca amach ón chéad ghealach lán i ndiaidh Chónocht an Earraigh.

Bhí na hÉireannaigh chun tosaigh sa ghné nua seo den eolaíocht agus tá sé ráite go raibh baint ag neart eaglaiseach cáiliúil leis. Molann dán sa tSean-Ghaeilge Naomh Colum Cille, a fuair bás sa bhliain 597, agus maíonn sé go ndearna sé staidéar ar chúrsa na gealaí agus go dtiocfadh leis ‘cuntas a dhéanamh ar líon na réalta sna Flaithis’. Tugadh an t-ainm rímaire ar dhuine a rinne breathnóireacht ar an spéir leis an am a mheas. Ciallaíonn rímaire ‘duine a bhíonn ag ríomh’ agus maireann an focal seo sa Nua-Ghaeilge mar ríomhaire.

Leis an tsuim shuntasach sa réalteolaíocht agus san astralaíocht, ní iontas ar bith é gur minic a scríobhadh faoi fheiniméin aisteacha na spéire in annála na hÉireann, cuntais ar imeachtaí suntasacha bliain ar bhliain. Bhí téarmaí ar leith ag na hÉireannaigh ar ghnéithe réalteolaíocha. Deir Annála Uladh linn go bhfacthas ‘réalta ar a bhfuil gruaig fhada’ (rétlu mongach) in Éirinn ar feadh coicíse i bhFómhar 1018. Baintear úsáid as an fhocal mongach le cur síos ar dhuine nó ar ainmhithe ar a bhfuil gruaig fhada. Ar ndóigh tá an téarma seo ag tagairt do réalta eireabaill agus léiríonn sé go soiléir eireaball agus é séidte siar mar a bheadh gruaig duine lá gaofar. Nuair a chonacthas Neowise san spéartha os cionn na hÉireann i samhradh 2020, bhain tuairisceoirí úsáid as an fhrása Cóiméad Neowise. Tagann an focal cóiméad ón fhocal Béarla comet.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh