ceol

ceol

An íomhá a fheicimid ar bhoinn airgid, ar phasanna an lae inniu agus mar chuid de lógó Guinness, tá siad cosúil le ‘Cruit Bhriain Bhóramha’, a choinnítear i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D’ainneoin an ainm atá uirthi is cosúil go ndearnadh an chruit chlúiteach seo, an ceann is sine in Éirinn, sa cheathrú nó sa chúigiú haois déag. Mar sin de, ní raibh sí ar fáil le seinm ag Brian Bóromha, rí a bhí in Éirinn, a fuair bás in 1014.

I nGaeilge an lae inniu, ciallaíonn an focal cruit cláirseach bheag ach sna Meánaoiseanna, seans gur úsáideadh an téarma seo ar an chineál uirlis cheoil a fheicimid ar chrosa arda agus ar shaothar miotail. Téaduirlisí iad a sheinn daoine leis na hingne nó le figín agus a bhí cosúil le lir. Níl sampla ar bith fágtha de na huirlisí seo agus is doiligh fios a bheith againn cad é go díreach an chuma a bhí uirthi nó mar a seinneadh í.

Cé go bhfuil tagairtí i luathscéalta na hÉireann do cruit, ní fhaighimid amach mórán faoi na huirlisí ó na scéalta seo. In Táin Bó Fraích mar shampla, tá cur síos ar uirlisí ón Saol Eile ‘ar a raibh nathracha agus éin agus cúnna agus iad déanta d’ór agus airgead agus nuair a bhog na téada, thimpeallaigh na hainmhithe seo na fir a bhí ina suí in aice leo’.

Is doiligh fios a bheith againn cad é mar a bhí an ceol luath cruite seo. Ón séú haois déag ar aghaidh, chuaigh cuid mhór cruitirí amach ar an bhealach mhór agus níor scríobh siad síos a gcuid fonn. Ach go hádhúil, in 1792, bhí fear óg naoi mbliana déag d’aois, darb ainm Edward Bunting, ar fhéile ceoil i mBéal Feirste agus bhailigh seisean an ceol cruite. Is dócha gur shábháil Edward roinnt ceoil a bheadh caillte gan é.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh