Bain Sult as an bhFírinne!

Bhí Gearalt na Breataine Bige ina ard-déagánach Normannach-Breatnach. Shiúil sé Éire agus scríobh cuntas ar an tír agus ar a muintir. Ní raibh an méid a scríobh sé faoi na Gaeil i gcónaí dearfach.

Tá an focal ráth coitianta fosta i logainmneacha na hÉireann. Tá cuid acu thart ar chathracha an lae inniu, mar shampla Ráth Garbh (Rathgar) agus Ráth Fearnáin (Rathfarnham) i mBaile Átha Cliath.

Ar an mheán, tá ráth i ngach 2 kmde thalamh na hÉireann. Ar an chuntas Twitter @everyringfort tá siad ag iarraidh grianghraif agus mionsonraí eile a phostáil de 30,000 acu, ceann amháin acu gach uair an chloig. Glacfaidh sé 1240 lá nó 177 seachtain nó 3.4 bliain iad uilig a dhéanamh!

Chreid na Gaeil go raibh daoine ósndúrtha nó sióga ina gcónaí i gcnocáin nó ar thalamh ard. a thugtar ar na háiteanna seo i nGaeilge an lae inniu. Tá an focal seo ar fáil i logainmneacha ar nós Mullach na Sí (Mullanashee) i gCo. Shligigh.