Scroll

Tá deich n-aonad ann, gach aon cheann acu leagtha amach faoi cheannfhocal Gaeilge faoi leith. Is túsphointe maith iad na focail sin chun léargas a fháil ar ghnéithe de shaol na hÉireann san am atá thart gur bheag trácht a ndéantar orthu i leabhair staire de ghnáth.

Is iad na deich bhfocal ná:

  • ceol
  • ráth
  • leabhar
  • dalta
  • réalta
  • bróg
  • mac tíre
  • forc
  • gruaig

Tá leaganacha Gaeilge agus Béarla dosna háiseanna seo curtha ar fáil againn, iad dírithe ar dhaltaí scoile ar leibhéalacha difriúla, idir rang a 5 agus a 6 sa bhunscoil go dtí an Teastas Sóisearach/Eochairchéim 3. Is le cúrsaí staire, teangan agus litríochta is mó a bhaineann an t-ábhar, ach tá baint aige le gnéithe eile den gcuraclam trí chéile leis, tíreolaíocht, eolaíocht, oideachas reiligiúin, scríbhnóireacht chruthaitheach, ealaíon agus drámaíocht ina measc. Is í priomhaidhm na n-áiseanna n-idirdhisiplíneacha seo ná machnamh criticiúil, i dteannta le tuiscint shoisialta agus timpeallachta a chothú, agus scileanna taighde aonair agus i bpáirt le daoine eile a fhorbairt. Déan mionscrúdú orthu agus bain taitneamh astu!

Spreading the Words

Ár gComhpháirtithe

  • Partner
  • Partner
  • Partner
  • Partner
  • Partner
Nóta buíochais

Nóta buíochais

Cuireadh na háiseanna seo le chéile mar chuid don dtionscamh ‘Spreading the Word(s)’ a bhfuil dlúthbhaint aige leis an ‘Dictionary of the Irish Language’ (www.dil.ie). Táimíd buíoch don gComhairle um Thaighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí sa Bhreatain (AHRC UK) a bhronn deontas airgid orainn, agus d’Ollscoil Chambridge, áit a raibh an tionscnamh lonnaithe. Gabhaimid buíochas ó chroí dosna múinteoirí agus iarmhúinteoirí in Éirinn, thuaidh agus theas, a chuir a gcuid eolais agus taithí ar fáil dúinn agus a spreag sinn go mór. Is iad na daoine atá i gceist ná Emma Duggan, Ellen Hallinan, Grainne Henry, John Kelly, Catherine Mairs, Christine Melby, Edel Ní Loingsigh, Eoin Ó Donnchadha, Trudy Rossiter, Jim Ryan agus Miriam Uí Dhonnabháin. Roinn Liam Dempsey ón gComhairle Churaclaim, Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann (CCEA) a chuid feasa linn freisin agus thacaigh sé linn in an-chuid slite agus ábhar na n-áiseanna á phlé againn an chéad lá.

Táimíd an-shásta go bhfuil na háiseanna seo suite ar shuíomh idirlín Acadamh Ríoga na hÉireann agus is mór againn an chabhair a thug Ruth Hegarty san Acadamh dúinn chun é sin a shocrú. Bhí baint nach beag lena comhghleacaí Fidelma Slattery le dearadh an tsuímh agus chruthaigh Joe McLaren léaráidí nua áille a ghabhann le focail áirithe, cuid acu bunaithe ar smaointe a bhí ag Eoin Ó Donnchadha; táimíd buíoch don dtriúr acu dá bharr. B’é Pól Mac Fheilimidh a d’aistrigh na haonaid go Gaeilge. Thug mic léinn ó scoileanna éagsúla in Éirinn agus sa Bhreatain aiseolas tábhachtach dúinn agus na háiseanna á réiteach againn; gabhaimid buíochas dóibh go léir agus do thriúr ach go háirithe, Henry Delap-Smith, Benedict Meissner agus Naoise Scott.