bó

Mhaígh scoláirí na Meánaoiseanna gur tháinig an focal ón fhuaim a dhéanann an t-ainmhí, cé nach bhfuil sé seo fíor.

Tá áit thábhachtach ag na ba i stair na hÉireann. Le linn na Meánaoiseanna, bhí luach mór ar eallach agus go háirithe ar bha a tháirg bainne. I ndáiríre, ba mhinic a tugadh fíneáil nó cáin mar líon áirithe bó: bhí luach trí bhó bainne ar sclábhaí mná, bó bainne amháin an luach a bhí ar dhán darb ainm laíd a chumadh agus dá mbuailfeá fiacail duine éigin amach gach seans go mbeadh ort suas le dhá bhó a íoc mar chúiteamh.

Bhí tionchar ag an fhocal ar fhocail eile sa Ghaeilge ar nós buachaill. Is ionann buachaill agus gasúr sa lá atá inniu ann ach tagann an focal seo ó bóchaill a chiallaíonn aoire bó. Tagann an focal bóthar ón fhocal fosta. De réir foinse Sean-Ghaeilge a mhíníonn stair focal is cosúil gurb ionann bóthar agus bealach a bhí leathan go leor do dhá bhó dul thar a chéile. Bhí cineálacha eile bealaí i lámhscríbhinní Gaeilge na Meánaoiseanna ar nós slige (ina raibh dhá charbad ábalta dul thar a chéile), rót (ina raibh spás ann do charbad amháin le beirt tiománaithe), lámraite (bóthar a cheangail dhá phríomhbhóthar) agus tógraite (slí isteach i bhforaois nó sliabh).

Cé go raibh na focail chruinne seo ar na cineálacha éagsúla bóithre, níl fianaise ann a léiríonn go raibh córas mór maith bóithre in Éirinn le linn na Meánaoiseanna. Is léir nach raibh sé furasta taisteal trasna na tíre, fiú amháin i lár an seú haois déag. De réir na gcuntas ar thuras Fhear Ionad na hÉireann, Thomas Radclyffe, bhain sé dhá lá iomlána as taisteal idir Luimneach agus Gaillimh sa bhliain 1558 cé nach bhfuil eatarthu ach fad seasca mile.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh