forc

forc

Is ar na mallaibh a thosaigh daoine i dTuaisceart na hEorpa ag úsáid sceanra le bheith ag ithe. Roimhe sin, ba ghnách le daoine ithe lena lámha, ba chuma uasal nó íseal iad. Sna Meánaoiseanna, b’uirlisí móra iad na foirc a úsáideadh sa chócaireacht, feirmeoireacht agus sa chogaíocht.

Tá an focal Nua-Ghaeilge forc sean go maith agus ní ón Bhéarla a fuair muid é ach ón fhocal Laidine, furca. Tá foirc luaite i scéalta Gaeilge de chuid na Meánaoiseanna agus is uirlisí móra iad ar a raibh trí phíce agus a úsáideadh le feoil a bhaint as pota nuair a bhí sí á bruith. I mBéarla, tugtar ‘fleshforks’ orthu seo.

Tá scéal clúiteach Gaeilge ann ar cumadh cuid de san ochtú haois darb ainm Scéal Mhuc Mhic Dhathó. Deirtear sa scéal seo go raibh cúig bhrú ríoga in Éirinn. I ngach brú bhí seacht gcoire agus i ngach coire bhí i gcónaí damh agus cliathán muice á mbruith. Gach duine a tháinig ar cuairt chuig an bhrú, chuaigh siad chuig an choire, chuir forc mór isteach ann agus d’ith siad cibé a tháinig amach. Murar éirigh leis an chuairteoir greim a fháil ar rud ar bith leis an fhorc, ní bhfuair sé an dara seans.

Sa tSean-Ghaeilge bhí an focal coire agus an chiall a bhí leis ná pota mór. Thar na céadta bliain, baineadh úsáid as an fhocal le cur síos ar gach cineál pota ina mbíonn uisce te ar gail. I nGàidhlig na hAlban, ciallaíonn coire ‘citeal’ agus sa Nua-Ghaeilge ciallaíonn sé pota mór nó rud a bhaineann le huisce a théamh don teas lárnach. Le linn an Ghorta Mhóir sa naoú haois déag, cuireadh coirí móra ar fáil le cuidiú le daoine ocracha. Coirí gorta a tugadh orthu agus tugadh anraith do na daoine uathu.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh