gruaig

gruaig

Is focal iontach coitianta sa Ghaeilge í gruaig. Thig linn fosta labhairt faoi síntí gruaige, gruaig spíceach agus gruaig shúgánach (ciallaíonn súgán rópa cocháin).

Tá ról tábhachtach ag gruaig i saol na hÉireann leis na céadta bliain. Sa ré mheánaoiseach mhall, nuair a bhí filí ag cumadh dánta molta, is minic a thug siad aird ar leith ar ghruaig duine. Chuir na dánta seo in iúl go raibh gruaig fhada, fhionn, dhroimníneach thar a bheith tarraingteach ar na fir chomh maith leis na mná. Bhí rialacha ar leith ag baint le gruaig fhada i ndlí ársa na hÉireann. D’fhéadfaí pionós a ghearradh ar dhuine as gruaig céile comhraic a tharraingt agus iad ag troid nó as gruaig duine a ghearradh.

Tá tagairtí do ghruaig i scéalta agus i ndánta meánaoiseacha na hÉireann ina bhfeicimid úsáid chruthaitheach teanga. Úsáidtear gnáthfhocail le cur síos ar stíleanna ar leith. Tugtar clad (claí i nGaeilge an lae inniu), a chiallaíonn an spás idir dhá phairc, ar scoilt nó stríoc sa ghruaig agus ciallaíonn curach (cineál báid) cocán nó bonnóg. Sa scéal clúiteach Táin Bó Cuailgne deirtear go bhfuil gruaig bhreá, fhionn, ghairid ar fhear ‘ionann is gur ligh bó í’!

In 1537, iarradh ar Shasanaigh gan aithris a dhéanamh ar fhaisean na hÉireann ar tugadh glib air. Thart faoi 1596, chuir Edmund Spenser, file Sasanach, síos ar an stíl seo mar ‘scuab thiubh chatach ghruaige, ar crochadh anuas ar na súile’. Is dócha gur seo an stíl chéanna agus atá ar ghreanadh adhmaid de chuid Albrecht Dürer, ó 1521. Ciallaíonn an focal Nua-Ghaeilge gliobach ‘míshlachtmhar’ nó ‘mosach’ agus is ó glib an séú haois déag a tháinig sé.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh