Skip to Main Content
  • Baile
  • 10 bhFocal
    • ceol
    • ráth
    • leabhar
    • dalta
    • réalta
    • bróg
    • Mac tíre
    • forc
    • gruaig
    • bó
  • eDIL: An Foclóir
  • Na hÁiseanna Oideachais
  • Déan Teagmháil
Ceannaigh an Leabhar Book
  • Baile
  • 10 bhFocal
    • ceol
    • ráth
    • leabhar
    • dalta
    • réalta
    • bróg
    • Mac tíre
    • forc
    • gruaig
    • bó
  • eDIL: An Foclóir
  • Na hÁiseanna Oideachais
  • Déan Teagmháil
  • Ceannaigh an LeabharBookBook
  • English
  • Gaeilge

Baile / 10 bhFocal / mac tíre

mac tíre

mac tíre

Tá daoine den bharúil gur maraíodh an mac tíre fiáin deireanach in Éirinn i gCo. Cheatharlach thart ar 1786. Ar feadh na gcéadta bliain roimhe sin, mhair a lán mic tíre liatha in Éirinn agus bhí contúirt ag baint leo. Dé réir Annála Chonnacht, sa bhliain 1420 ‘mharaigh mic tíre cuid mhór daoine’; i bhfoinsí eile tá mionchur síos ar an dóigh ar ith mic tíre corpáin mharbha i ndiaidh catha.

Sa seachtú haois déag, thit líon na mac tíre go mór mar gheall ar ‘feachtas frithmhac tíre’ óir scriosadh a ngnáthóga agus tugadh luach a saothair do shealgairí gairmiúla mic tíre. Ach is dócha go raibh daoine ag seilg na mac tíre i bhfad roimh an seachtú haois déag. Bhí an focal fáelaire sa Ghaeilge i bhfad ó shin agus seans gurb é ‘sealgaire mac tíre’ an chiall a bhí leis.

Tá focal cosúil leis sin, fáelad, agus is cuid d’ainm fir é. Baineann Laignech Fáelad le ceantar Osraí (thart ar Chontae Laoise agus Chill Chainnigh). Glactar leis go gciallaíonn an dara cuid dá ainm ‘mar a bheadh mac tíre ann’. De réir thraidisiúin mheánaoiseacha na hÉireann, Laignech agus a mhuintir a tháinig ina dhiaidh, thiontaigh siad ina mic tíre agus mharaigh siad ainmhithe ar nós bó agus caorach. Is in Osraí atá scéal eile faoi dhaoine ag tiontú ina mic tíre suite. Fear darbh ainm Gearalt na Breataine Bige a d’inis an scéal. Thaistil Gearalt in Éirinn go mall sa dara haois déag agus scríobh sé faoina chuid eachtraí ann.

Síos tríd an stair, ba ghnách le daoine na focail mac tíre a úsáid mar ainm ar an ainmhí mór fiáin seo. Faolchú ainm eile atá air. Is ionann mac tíre agus meafar agus úsáidimid meafair in amanna le rud nó smaoineamh a chur in iúl sa dóigh go dtig linn focail áirithe a sheachaint. Ina lán cultúr, seachnaíonn daoine focail ar an mhac tíre. B’fhéidir go ndéanann siad seo mar go bhfuil eagla orthu rompu. Bíonn eagla orthu, má deir siad an focal, go dtiocfaidh an drochrud.

Mar sin de, b’fhéidir gur eagla seachas dúil a thug ar na Gaeil ‘mac tíre’ a thabhairt ar an ainmhí mór fíochmhar seo

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh
  • Spreading the Words
Prev
Next

Cuspóirí foghlama

Athruithe a tháinig ar dhúlra na hÉireann le himeacht ama a fhiosrú Tosú a thuiscint mar a éiríonn linn i ndíospóireacht nó nuair a bhímid ag cur is ag cúiteamh Foghlaim faoi mheafair agus an ról atá acu i dteangacha

Ábhar a ghabhann leis an aonad

Feachtas chun an mac tíre a thabhart ar ais

  • https://soundcloud.com/ireland-2029
  • https://www.livingwithwolves.org/about-wolves/why-wolves-matter/
https://youtu.be/ysa5OBhXz-Q Meafair
  • https://www.theschoolrun.com/what-is-a-kenning
  • https://www.asnc.cam.ac.uk/resources/mpvp/?page_id=71
  An mac tíre mar chuid do logainmneacha
  • https://www.logainm.ie/en/edu/

  • YouTube
  • Dictionary
The End
2025 Spreading the Words   |   Privacy Policy

Cruthaithe ag WebsiteNI