dalta

dalta

Bíonn an focal dalta in úsáid i scoileanna agus in eagraíochtaí oideachais ar fud na hÉireann. Ciallaíonn sé páiste nó an duine óg a bhíonn ag foghlaim. Ach, san am a chuaigh thart, bhí ciall eile leis.

B’ionann dalta agus páiste altrama. Bhí an t-altramas an-choitianta in Éirinn le linn na Meánaoiseanna, agus ní amháin nuair nach raibh tuismitheoirí ábalta aire a thabhairt do pháiste. Ar na fáthanna a bhí leis seo, neartaigh an t-altramas an dáimh idir theaghlaigh. Maíonn neart luathscéalta agus dánta gur chruthaigh teaghlaigh altramais dáimh láidir mhothúchánacha a mhair i bhfad i ndiaidh don pháiste altrama fás aníos. Sa scéal Táin Bó Cuailnge, mar shampla, léimid faoin phian a mhothaigh Cú Chulainn, laoch Uladh, nuair a mharaigh sé a dheartháir altrama, Fer Diad. Sa scéal seo, ón tSean-Ghaeilge, deir Cú Chulainn cluichi cách, caíne cách co Fer Diad isin áth a chiallaíonn ‘bhí spraoi agus spórt ag baint le gach rud sular bhuail mé le Fer Diad ag an áth’.

De réir luath-dhlíthe na hÉireann, bhí dhá chineál altramais ann den chuid is mó: altramas ar son grá agus altramas ar son íocaíochta. I gcás altramas ar son íocaíochta bhí an íocaíocht ag brath ar an stádas sóisialta a bhí ag an pháiste altrama. Ba mhinic a tugadh eallach mar íocaíocht. Ocht mbó dhéag an luach a bhí ar mhac rí.

Mar chúiteamh, bhí freagracht ar na tuismitheoirí altrama aire laethúil a thabhairt do na páistí altrama agus iad a ullmhú lena n-áit a ghlacadh sa tsochaí. Le hé seo a dhéanamh, theagasc siad scileanna dóibh a d’fhóir don inscne agus don stádas a bhí acu. D’fhoghlaim gasúir ó theaghlaigh uaisle áith-thriomú, gearradh adhmaid, aoireacht ainmhithe chomh maith le marcaíocht capall agus cluichí cláir a imirt. Tógadh na cailíní le béim ar obair an tí ar nós taos a fhuineadh, cócaireacht, aire a thabhairt do na hainmhithe agus bróidnéireacht.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh