ráth

ráth

Tá tirdhreach na hÉireann breac le bruacha móra créafóige agus cloiche ar chruth ciorcail. Tugann seandálaithe ráth orthu seo. Tá breis agus 45,000 acu le fáil ar fud na hÉireann; idir an séú agus an deichiú haois, seo na háiteanna a raibh feirmeoirí saibhre, daoine uaisle agus ríthe ina gcónaí.

Is cuidiú iad scéalta agus téacsanna dlí ó na luath-Meánaoiseanna na codanna éagsúla de na struchtúir seo a aithint. Ó na foinsí seo, tá a fhios againn gur ráth a tugadh ar an bhruach, lios a tugadh ar an chlós taobh istigh agus dorus, doras mar a litrímid anois é, a tugadh ar an bhealach isteach. Bhíodh sconsa adhmaid nó fál ar bharr an bhruaigh agus, ar an dóigh seo, cosnaíodh na daoine ar chreachadóirí agus ainmhithe fiáine.

Tá an focal lios iontach coitianta i logainmneacha na hÉireann. Lios Mór an t-ainm atá ar mhainistir i gCo. Phort Láirge. Tá Durlas, i gCo. Thiobraid Árann agus is dócha gur ó dair (cineál crainn) agus lios a fuair muid an t-ainm. Tá áit darb ainm Lissue i gCo. Aontrama agus seans gur meascán é seo idir lios agus an t-ainm ‘Hugh’. Tá Lissue níos mó ná mar a bheifeá ag dúil leis.  Tá sé 60 méadar ar trastomhas nó leath de pháirc shacair.

Nuair a bhí sé ag taisteal in Éirinn sa dóú haois déag, luaigh Gearalt na Breataine Bige go raibh cuid de na ráthanna ‘folamh agus tréigthe’. Thug seisean ‘dúnta Danar’ orthu óir shíl sé gur na Lochlannaigh a rinne iad. Rinne na Gaeil dearmad le caitheamh ama fosta den fheidhm a bhí leo agus, cosúil le go leor gnéithe aisteacha sa tírdhreach, shíl daoine go raibh baint acu leis na sióga. Dá thairbhe sin, tugtar ‘lios sí’ ar chuid mhór acu anois. Mar gheall ar an bhaint seo leis na sióga, ba mhinic nár mhian le feirmeoirí iad a scriosadh óir shíl siad go mbeadh fearg ar na sióga. Mar sin de, coinníodh dóigh mhaith ar na suíomhanna ársa seo.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh