Skip to Main Content
  • Baile
  • 10 bhFocal
    • ceol
    • ráth
    • leabhar
    • dalta
    • réalta
    • bróg
    • Mac tíre
    • forc
    • gruaig
    • bó
  • eDIL: An Foclóir
  • Na hÁiseanna Oideachais
  • Déan Teagmháil
Ceannaigh an Leabhar Book
  • Baile
  • 10 bhFocal
    • ceol
    • ráth
    • leabhar
    • dalta
    • réalta
    • bróg
    • Mac tíre
    • forc
    • gruaig
    • bó
  • eDIL: An Foclóir
  • Na hÁiseanna Oideachais
  • Déan Teagmháil
  • Ceannaigh an LeabharBookBook
  • English
  • Gaeilge
Spreading the Words

Tá na háiseanna oideachais ar an suíomh idirlín seo bunaithe ar an leabhar, A History of Ireland in 100 Words, le Sharon Arbuthnot, Máire Ní Mhaonaigh agus Gregory Toner, a d’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann sa mbliain 2019.

Spreading the Words
Scroll

Tá deich n-aonad ann, gach aon cheann acu leagtha amach faoi cheannfhocal Gaeilge faoi leith. Is túsphointe maith iad na focail sin chun léargas a fháil ar ghnéithe de shaol na hÉireann san am atá thart gur bheag trácht a ndéantar orthu i leabhair staire de ghnáth.

Is iad na deich bhfocal ná:

  • ceol
  • ráth
  • leabhar
  • dalta
  • réalta
  • bróg
  • mac tíre
  • forc
  • gruaig
  • bó

Tá leaganacha Gaeilge agus Béarla dosna háiseanna seo curtha ar fáil againn, iad dírithe ar dhaltaí scoile ar leibhéalacha difriúla, idir rang a 5 agus a 6 sa bhunscoil go dtí an Teastas Sóisearach/Eochairchéim 3. Is le cúrsaí staire, teangan agus litríochta is mó a bhaineann an t-ábhar, ach tá baint aige le gnéithe eile den gcuraclam trí chéile leis, tíreolaíocht, eolaíocht, oideachas reiligiúin, scríbhnóireacht chruthaitheach, ealaíon agus drámaíocht ina measc. Is í priomhaidhm na n-áiseanna n-idirdhisiplíneacha seo ná machnamh criticiúil, i dteannta le tuiscint shoisialta agus timpeallachta a chothú, agus scileanna taighde aonair agus i bpáirt le daoine eile a fhorbairt. Déan mionscrúdú orthu agus bain taitneamh astu!

Spreading the Words
  • ceol

    Déan uirlisí ceoil agus fuaimeanna san am atá imithe a fhiosrú agus cuir eolas ar na teangacha Ceilteacha a labhraítear go fóill.

    Léigh a thuilleadh
  • leabhar

    Ó lámhscribhinní meánaoiseacha go híomhánna digiteacha: tá radharc ar fáil anseo ar nósanna scríbhneoireachta le míle bliain anuas agus ar thionchar na Laidine ar an nGaeilge.

    Léigh a thuilleadh
  • réalta

    Cad í an bhaint a bhí ag na Gaeil le réalteolaíocht leis na céadta bliain anuas? Beidh ionadh ort a fháil amach agus geobhaidh tú cur amach ar théarmaí seoigh a luaitear le nithe neamhaí freisin.

    Léigh a thuilleadh
  • mac tíre

    Spreagann scéalta faoi mhic tíre agus conriochtaí caint faoi ainmhithe áirithe a thabhairt isteach go hÉirinn arís agus caitheann siad solas ar an éifeacht a bhíonn ag meafair.

    Léigh a thuilleadh
  • gruaig

    Faisean, dathúlacht, féiniúlacht, mar atá anois agus mar a bhíodh fadó: tá blas orthu go léir ar fáil i gceachtanna a bhaineann feidhm as scríbhneoireacht chruthaitheach, drámaíocht agus ealaín.

    Léigh a thuilleadh
  • ráth

    Ar shamhlaigh tú riamh conas mar a bhíodh sé a bheith i do chónaí i ráth sa tréimhse mheánaoiseach? Déan do mhacnamh ar ghnáthphobal na hÉireann sa luathré, ar cheanntair áitiúla, ar logainmneacha.

    Léigh a thuilleadh
  • dalta

    Déan mionscrúdú ar shaol an aosa óig sa luathré agus faigh cur amach ar fhocail Bhéarla agus Gaeilge a d’athraigh a mbrí le himeacht aimsire.

    Léigh a thuilleadh
  • bróg

    Why are ancient objects so well-preserved in Ireland’s bogs? And what is the relationship between English brogue and Irish bróg?

    Léigh a thuilleadh
  • forc

    Ocras agus aíocht: léigh blúire as scéal Sean-Ghaeilge agus déan do mhacnamh ar chonas a soláthraíodh bia in Éirinn sa luathré agus ar chonas a soláthraítear anois é.

    Léigh a thuilleadh
  • bó

    Le linn na meánaoiseanna, dheintí ba a bhleán, ghoidtí iad agus ba chuid den gcóras cánach iad. Is ábhar scéalta iad agus tá teacht orthu freisin i bhfocail Gaeilge faoi leith.

    Léigh a thuilleadh

Ár gComhpháirtithe

Prev
Next
  • Partner
  • Partner
  • Partner
  • Partner
  • Partner
Nóta buíochais

Nóta buíochais

Cuireadh na háiseanna seo le chéile mar chuid don dtionscamh ‘Spreading the Word(s)’ a bhfuil dlúthbhaint aige leis an ‘Dictionary of the Irish Language’ (www.dil.ie). Táimíd buíoch don gComhairle um Thaighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí sa Bhreatain (AHRC UK) a bhronn deontas airgid orainn, agus d’Ollscoil Chambridge, áit a raibh an tionscnamh lonnaithe. Gabhaimid buíochas ó chroí dosna múinteoirí agus iarmhúinteoirí in Éirinn, thuaidh agus theas, a chuir a gcuid eolais agus taithí ar fáil dúinn agus a spreag sinn go mór. Is iad na daoine atá i gceist ná Emma Duggan, Ellen Hallinan, Grainne Henry, John Kelly, Catherine Mairs, Christine Melby, Edel Ní Loingsigh, Eoin Ó Donnchadha, Trudy Rossiter, Jim Ryan agus Miriam Uí Dhonnabháin. Roinn Liam Dempsey ón gComhairle Churaclaim, Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann (CCEA) a chuid feasa linn freisin agus thacaigh sé linn in an-chuid slite agus ábhar na n-áiseanna á phlé againn an chéad lá.

Táimíd an-shásta go bhfuil na háiseanna seo suite ar shuíomh idirlín Acadamh Ríoga na hÉireann agus is mór againn an chabhair a thug Ruth Hegarty san Acadamh dúinn chun é sin a shocrú. Bhí baint nach beag lena comhghleacaí Fidelma Slattery le dearadh an tsuímh agus chruthaigh Joe McLaren léaráidí nua áille a ghabhann le focail áirithe, cuid acu bunaithe ar smaointe a bhí ag Eoin Ó Donnchadha; táimíd buíoch don dtriúr acu dá bharr. B’é Pól Mac Fheilimidh a d’aistrigh na haonaid go Gaeilge. Thug mic léinn ó scoileanna éagsúla in Éirinn agus sa Bhreatain aiseolas tábhachtach dúinn agus na háiseanna á réiteach againn; gabhaimid buíochas dóibh go léir agus do thriúr ach go háirithe, Henry Delap-Smith, Benedict Meissner agus Naoise Scott.

  • YouTube
  • Dictionary
The End
2025 Spreading the Words   |   Privacy Policy

Cruthaithe ag WebsiteNI