bróg

bróg

Tá an focal bróg ar an roinnt bheag focal Gaeilge ar focail iasachta iad sa Bhéarla. Tá sé in úsáid sa Bhéarla agus é litrithe mar brogue.

Is bróg ar leith é brogue sa Bhéarla óir ciallaíonn sé bróg ar a bhfuil poill mhaisiúla. Is minic a deirtear go raibh sé seo bunaithe ar stíl a bhí in Éirinn fadó. Bhí na poill ann le ligean d’uisce sileadh amach nuair a bheadh daoine ag siúl ar phortaigh fhliucha. Sa Nua-Ghaeilge, is féidir an focal ‘bróg’ a úsáid le tagairt a dhéanamh do bheagnach rud ar bith a chaitear ar na cosa mar shampla, bróga peile nó bróga trá.

Tá go leor samplaí ann de na cineálacha bróg a chaith muintir na hÉireann sna Meánaoiseanna. Tá siad seo déanta de chraiceann bó, gabhair agus caorach. Is é an cuarán an sampla is luaithe – clúdach don chos a bhí simplí, bog agus solúbtha. Bhí an t-ainm cuarán air óir bhí cruth cuartha air. Tá cuarán agus bail mhaith air le feiceáil in Iarsmalann Náisiúnta na hÉireann. Tá sé déanta de phíosa craicinn amháin a bhí ceangailte de phíosa caol leathair.

Tá bróga darb ainm máeláin agus máelassa luaite i scéalta Gaeilge na Meánaoiseanna agus is cosúil go raibh siad seo déanta de mhiotal. Tháinig an laoch Ultach Fergus mac Róich ar ais ón mharbh agus péire bróg déanta de chré-umha den chineál seo á gcaitheamh aige. Cé nach mbeadh sé róphraiticiúil an cineál seo bróige a chaitheamh, tá fianaise ann gurb ann dóibh. Thángthas ar níos mó na dhá dhosaen bróg cré-umha i lár an naoú haois déag cóngarach do Chlochán an Aifir, Co Aontroma.

Learning Intentions

Cuspóirí Foghlama

Léigh a thuilleadh
Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Léigh a thuilleadh
Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!

Léigh a thuilleadh
Tráth na gCeist

Tráth na gCeist

Léigh a thuilleadh
Images

Íomhánna

Léigh a thuilleadh
Linked Resources

Nascanna

Léigh a thuilleadh