Bain Sult as an bhFírinne!

In Éirinn le linn na Meánaoiseanna, ba mhinic a cuireadh páistí le teaghlaigh altrama nuair a bhí siad seacht mbliana d’aois cé go dtiocfadh leo dul ann nuair a bhí siad i bhfad níos óige ná sin.

Nuair a bhí siad leis na teaghlaigh altrama, chaith na páistí éadaí agus fuair siad bia a bhain go díreach leis an stádas sóisialta a bhí acu. Chaith páistí ríoga éadaí gorma agus corcra agus fuair siad rudaí deasa le hithe, im agus mil mar shampla. Tugadh éadaí níos dorcha agus bia níos simplí do pháistí a tháinig ó na haicmí ísle.

Glacadh leis go dtabharfadh na páistí altrama aire do na tuismitheoirí altrama níos moille ina saol, go háirithe nuair a d’éirigh siad aosta nó dá mbeadh siad bocht.

Bhí Maol Sheachlainn na nUirsgéal Ó hUiginn, a mhair i gCúige Connacht thart ar 1400, ina pháiste altrama ag teaghlach Aodh Mhac Airt Mhic Aonghusa. Le comhar a íoc leis an aire a thug siad dó deirtear gur ‘chosain sé ar ionsaithe iad’.