Skip to Main Content
  • Baile
  • 10 bhFocal
    • ceol
    • ráth
    • leabhar
    • dalta
    • réalta
    • bróg
    • Mac tíre
    • forc
    • gruaig
    • bó
  • eDIL: An Foclóir
  • Na hÁiseanna Oideachais
  • Déan Teagmháil
Ceannaigh an Leabhar Book
  • Baile
  • 10 bhFocal
    • ceol
    • ráth
    • leabhar
    • dalta
    • réalta
    • bróg
    • Mac tíre
    • forc
    • gruaig
    • bó
  • eDIL: An Foclóir
  • Na hÁiseanna Oideachais
  • Déan Teagmháil
  • Ceannaigh an LeabharBookBook
  • English
  • Gaeilge

Baile / 10 bhFocal / réalta / Bain Sult as an bhFírinne!

Bain Sult as an bhFírinne!



Back   ar ais chuig réalta

Bain Sult as an bhFírinne!

Tugadh an focal sechtarré ar réaltbhuíon an Chéachta nó an Béar Mór.  Is focal ón Mhéan-Ghaeilge é sechtarré agus ciallaíonn sé ‘seacht réalta’. Tá an focal grianchrios le feiceáil fosta i bhfoclóir ón naoú haois déag mar théarma ar an fhocal Stoidiaca.

Sa Mheánaois, b’ionann ‘bomaite’ agus 90 soicind!

Sa cheathrú haois déag nó sa chúigiú haois déag, aistríodh téacs réalteolaíochta ón Laidin go Gaeilge. B’aistriúchán é an téacs Laidine ó cháipéis Araibise a scríobh Masha’allah ibn Athari, a rugadh san ochtú haois agus a bhí ina chónaí áit éigin sa tír a dtugaimid an Iaráic uirthi sa lá atá inniu ann.

Ba é an Teileascóp Mór ag Caisleán Bhiorra, Co. Ubh Fháilí, an teileascóp ba mhó ar an domhan nuair a tógadh é sna 1840í. Leis an teileascóp seo in úsáid, fuair William Parsons amach gur réaltnéal bíseach na réaltraí a chonaic sé ina raibh na milliúin réalta.

Ar na rudaí uilig a thug na spásairí chuig an ghealach ar an chéad tuirlingt sa bhliain 1969, bhí teachtaireacht ó Éamon de Valera, Uachtarán na hÉireann ag an am. Ba sa Ghaeilge a scríobh sé an teachtaireacht agus chuir sé a dhóchas in iúl go dtiocfadh le daoine an scil agus an chrógacht chéanna a bhí acu duine a chur ar an ghealach a úsáid le sonas agus síocháin a chothú ar an domhan.



Back   ar ais chuig réalta
  • YouTube
  • Dictionary
The End
2025 Spreading the Words   |   Privacy Policy

Cruthaithe ag WebsiteNI