leabhar

Tugadh leabhair go hÉirinn le teacht na Críostaíochta sa chúigiú haois. Dála cuid mhór focail eile a bhaineann le scríbhneoireacht, fuair muid an focal leabhar ar iasacht ón Laidin.
Ba lámhscríbhinní iad leabhair na Meánaoiseanna a rinneadh as seithe ainmhí, gamhna mar shampla. Veilleam a tugadh ar an ábhar seo. Leabhar na hUidhre an leabhar is sine dá bhfuil againn go fóill a scríobhadh (beagnach) go hiomlán i nGaeilge. Tagann Uidhre ó Odhar a chiallaíonn ‘bó dhonn’ agus baineann ainm an leabhair leis an traidisiún go bhfuarthas an veilleam ó sheithe bó dhonn de chuid Naomh Ciarán i Mainistir Chluain Mhic Nóis i gCo. Uíbh Fhailí.
Scríobhadh Leabhar na hUidhre go mall san aonú haois déag agus go luath sa dara haois déag. Níor tháinig slán go dtí an lá inniu ach 67 leathanach den lámhscríbhinn ach tá a fhios againn gur leabhar i bhfad níos mó a bhí ann lá den saol. Tuigimid cé chomh mór a d’fhéadfadh leabhair na Meánaoiseanna a bheith nuair a fheicimid lámhscríbhinní eile: scríobhadh Leabhar Mór Leacain sa chúigiú haois déag agus tá 311 leathanach de le feiceáil i leabharlanna an lae inniu.
Níor úsáideadh móráin páipéir le lámhscríbhinní a scríobh go dtí an seachtú haois déag. Dáiríre, nuair a bhí scríobhaí ag gearán faoin ábhar úr lena raibh sé ag obair in 1616, d’úsáid sé an focal Béarla paper lena chuid frustrachais a chur in iúl – is olc garb in paper ‘is olc, garbh an páipéar’ a scríobh sé. Nuair a thosaigh níos mó daoine á úsáid, tháinig an focal Béarla isteach sa Ghaeilge mar páipéar
Cuspóirí Foghlama
Léigh a thuilleadhGníomhaíochtaí
Léigh a thuilleadhBain Sult as an bhFírinne!
Léigh a thuilleadhTráth na gCeist
Léigh a thuilleadhÍomhánna
Léigh a thuilleadhNascanna
Léigh a thuilleadhCuspóirí foghlama
Tosú a thuiscint an tionchair a bhí ag an gCríostaíocht ar an léann agus an litearthacht in Éirinn A fháil amach faoi na hábhair a úsáideadh le leabhair a tháirgeadh san am atá caite Tuiscint ar an tábhacht atá leis an digitiú le lámhscríbhinní a chaomhnú Smaoineamh ar thionchar na Laidine ar an Ghaeilge
Ábhar a ghabhann leis an aonad
Litir ó Naomh Pádraig https://www.confessio.ie/# Ag cur lámhscribhinní le chéile https://youtu.be/nuNfdHNTv9o https://youtu.be/HKBJkf2xbqI