Bain Sult as an bhFírinne!

Is léir gur thaitin an ceol le daoine a mhair sna Meánaoiseanna in Éirinn agus bhí ardmheas ar na ceoltóirí. In 1315, bhí féasta mór galánta ag Uilliam Ó Ceallaigh ina dhún i gConnachta agus thug sé cuireadh do ‘ceoltóirí na hÉireann’. Dúirt file amháin go ndeachaigh a oiread sin daoine chuig an fhéasta nach raibh de cheol fágtha i gCúige Laighean agus sa Mhí ach ‘guth binn na n-éan ar na crainn’.

Rugadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin i gCo. na Mí thart ar 1670 agus bhí sé ar dhuine de na cruitirí-cumadóirí deireanacha. Is cosúil go raibh sé dall mar gheall ar thinneas darb ainm an bolgach ó bhí sé ocht mbliana déag agus cúpla bliain ina dhiaidh sin thosaigh sé ag taisteal ar fud na hÉireann agus ag cumadh amhrán faoi choinne airgid. Bhailigh Edward Bunting cuid dá cheol.

Bhí oiliúint Chlasaiceach ar Bunting mar cheoltóir agus nuair bhí sé ag tras-scríobh ceol traidisiúnta na cruite, ‘cheartaigh’ sé iad de réir rialacha an cheoil Chlasaicigh. Mar sin de, na leaganacha atá againn go fóill, níl siad díreach mar an gcéanna leis an cheol a sheinn Ó Cearbhalláin agus a chairde.