Gníomhaíochtaí

Áilleacht anois agus san am atá caite

Thíos tá sliocht as dán molta a chum Muireadhach Ó Dálaigh sa tríú haois déag luath. Is é Cathal Croibhdhearg Ó Conchobhair, rí Chonnacht, ábhar an dáin. Tá grianghraf de dhealbh de Chathal, b’fhéidir, in Íomhánna.

Ba chóir do dhaltaí an sliocht den dán thíos a léamh leis an mhúinteoir agus ansin a bheith ag obair ina ngrúpaí leis na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt. Is féidir dul i gceann chuid de na ceisteanna trí úsáid Tonnadóirí Smaointe ina gcuidíonn an t-éascaitheoir leis an ghrúpa freagraí a chur in ord tosaíochta as gach freagra a cuireadh i láthair. Caithfidh na grúpaí maor ama, scríobhaí agus láithreoir a roghnú fosta.

Diobhruigis sgoth a sgingi,
uaidh ag imirt fhithchille:
cúl réidhshleamhain tais do theilg
dá bhais mhéirleabhair mhíndeirg.

Súil chochlach uaine aga,
dá bhais mhíne mhérfhada,
is bonn tana saor sleamhain,
mala chaol donn druimleabhair.

Baineann sé a chuid éadaí breátha
de agus é ag imirt fichille,
cuireann sé ar cúl a chuid gruaige réidhshleamhain tais
lena bhois méar-fhada, míndhearg.

Tá súil chochallach uaine aige,
dhá bhois mhín, mhéar-fhada,
agus bonn tanaí, uasal, sleamhain,
mala chaol, dhonn, dhruim-fhada.

As Angela Bourke et al. (eag.), The Field Day Anthology of Irish Writing, iv (Corcaigh, 2002), l. 297.

 

  • Cén cuspóir a bhí ag an dán seo?
  • Amharc ar an chur síos a dhéanann an file ar ghruaig, lámha, súil, cos agus mala Chathail. Ar thaitin an cur síos le Cathal, dar leat? An é sin an chuma a bhí ar Chathal dáiríre, dar leat? Cad chuige?
  • Dá mbeadh file ag moladh na cosúlachta atá ar fhear sa lá atá inniu ann, cé na gnéithe a bheadh le lua?
  • Dá mbeadh bean le moladh, cé na gnéithe a bheadh le lua?
  • Cé na rudaí a bhfuil tionchar acu ar na smaointe atá againn faoi dhóighiúlacht sa lá atá inniu ann?
  • An dóigh leat go raibh tionchar ag dánta cosúil leis an cheann seo ag Muireadhach Ó Dálaigh ar smaointe faoi dhóighiúlacht san am atá caite?
Divider

Cumhacht na n-aidiachtaí

Is focail iad aidiachtaí a chuireann síos ar ainmfhocail. Má úsáidimid aidiachtaí suimiúla, thig linn ár scríbhneoireacht chruthaitheach a fheabhsú agus cuidiú leis an léitheoir na carachtair, agus a bhfuil ar siúl acu, a shamhlú. Má roghnaímid aidiachtaí go maith, tig linn ‘rith an madra isteach sa choill’ a athrú go ‘rith an madra oilte isteach sa choill uaigneach’ nó ‘rith an madra clúmhach isteach sa choill draíochta’ nó ‘rith an madra dubh isteach sa choill scanrúil’.

Cuir aidiachtaí leis an abairt seo a leanas sa dóigh go bhfuil sí cosúil le líne as (a) úrscéal bleachtaireachta, (b) síscéal, agus (c) scéal uafáis:

Shiúil an fear taobh leis an loch go dtí gur tháinig sé a fhad le teach

Thig le múinteoirí agus daltaí teacht aníos le habairtí dá gcuid féin agus iad a athscríobh i gcomhthéacsanna difriúla ar nós tuairisc nuachta, fógra agus blag déagóra.

Divider

Drámaíocht agus ealaín

Bí ag obair in bhur ngrúpaí beaga agus scríobh script agus léirigh dráma gairid ina gcaithfidh duine a stíl ghruaige a athrú. Ba chóir go gclúdófaí sa dialóg pointí ar nós: cad chuige ar roghnaigh an duine an stíl atá acu cheana féin, cad é a léiríonn an stíl seo faoina réimsí suime nó a gcúlra, agus mar a athróidh an stíl úr an bharúil atá ag daoine díobh.

Cruthaigh íomhá den ghlib nó den chúlán. Tarraing pictiúir nó déan colláis, ag úsáid codanna éagsúla d’íomhánna ó irisleabhair nó grianghraif íoslódáilte agus priontáilte.

Divider

Gluais

ársa: iontach sean, an-aosta

blagaid: cloigeann maol, gan ghruaig

céile comhraic: duine amháin atá páirteach i dtroid nó i gcath

cráifeacht: creideamh láidir reiligiúnach nó naofacht

greanadh adhmaid: pictiúr déanta as dearadh i bpíosa adhmaid

gruaig dhroimníneach: gruaig a bhfuil cuma na dtonnta uirthi

Divider