Bain Sult as an bhFírinne!

Ó thart faoin dara haois déag go dtí an séú haois déag, thug Éireannaigh chumhachtacha luach saothair d’fhilí as dánta a chumadh ina n-onóir. I measc nithe eile, moladh iad sna dánta seo as a dtréithe crógachta, as an fhuil uasal a bhí iontu, chomh fial agus a chaith siad leo agus as an chuma a bhí orthu.

I gcuid mhór de na léaráidí i Leabhar Cheanannais, a táirgeadh thart faoin bhliain 800 is dócha, tá fir ar a bhfuil gruaig fhada, fhionn, dhroimníneach.

Tá go leor focail agus frásaí difriúla sa tSean-Ghaeilge ar chineálacha éagsúla maoile, blagaide agus coirne (an nós a bhíodh ann an ghruaig a bhearradh mar ghníomh cráifeachta). Cáise buide ‘cáis bhuí’ agus sál tre assa ‘sál trí bhróg’ a tugadh ar bhall maol ar mhullach an chinn!

Níorbh é an glib an t-aon stíl ghruaige amháin nach raibh cead ag Sasanaigh aithris a dhéanamh orthu. De réir dlí a ritheadh in 1297, ní raibh cead acu a gcloigne a bheith leathbhearrtha ach gruaig fhada ag dul síos lena ndroim. Cúlán a thug na Gaeil ar an stíl seo.