An dúlra
Úsáid Nascanna le smaointe a spreagadh agus eagraigh Díospóireacht Speictreaim ar an ráiteas ‘Ba Chóir an Mac Tíre a Thabhairt ar Ais go hÉirinn’. Ón tús, ba chóir do dhaltaí iad féin a chur ar líne idir dhá dhearcadh dhifriúla; de réir mar a leanann an díospóireacht agus an plé ar aghaidh, tá cead acu bogadh i gceachtar treo.
I measc na bpointí i bhfách leis an mholadh, bheadh:
- áit dúchais í Éire ag an mhac tíre; is cuid dár n-oidhreacht é
- bheadh an mac tíre tairbheach don éiceachóras nádúrtha
- is beag contúirt do dhaoine a bhaineann leis an mhac tíre óir is ainmhí aonair é
- mheallfadh ‘breathnú ar mhic tíre’ turasóirí
I measc na bpointí in éadan an mholta, bheadh:
- tá an mac tíre contúirteach ag ainmhithe agus ag daoine
- an gnáthóg ina maireann an mac tíre, níl a leithéid in Éirinn níos mó mar gheall ar an dífhoraoisiú agus a leithéid
Meafair
Is comhfhocal nó frása gairid é meafar. Sampla de mheafar é mac tíre. Ní meafar é an focal faolchú a chiallaíonn an rud céanna.
I nGaeilge an lae inniu, is meafair iad na hainmneacha atá ar chuid mhór ainmhithe, mar shampla:
ceann cait, a chiallaíonn ulchabhán a bhfuil cluasa fada air
muc mhara, an t-ainm atá ar mhamach mara atá cosúil le deilf
bás dorcha, focal eile ar ialtóg (meafar eile é sciathán leathair a chiallaíonn an rud céanna)
aershníthid, sa tSean-Ghaeilge is ainm é seo ar dhamhán alla (meafar eile)
An bhfuil meafair mar seo ar eolas ag an rang i nGaeilge, Béarla nó i dteanga eile. Cum meafair úra ar ainmhithe agus nithe beo eile.
Foghlaim faoi ghearradh líonóile
Amharc ar an ghearradh líonóile de mhac tíre a ghabhann leis an chuid seo. Foghlaim faoi ghearradh líonóile agus cruthaigh do phictiúr féin de mhac tíre ag glamaireacht ar an ghealach.
Gluais
eachtraí: rudaí suimiúla, spreagúla a tharlaíonn nó a dhéanann daoine
éiceachóras: mar a oibríonn an timpeallacht sa domhan. Tá a ról féin ag gach rud beo san éiceachóras
gnáthóg: an áit is fearr le hainmhí a shaol a chaitheamh. Poll faoin talamh an ghnáthóg atá ag coiníní, mar shampla