Bain Sult as an bhFírinne!

Mhair an mac tíre liath in Éirinn ón Oighearaois go dtí go mall san ochtú haois déag.

Sa séú haois déag, i bhfad i ndiaidh na mic tíre imeacht as Sasana agus Albain, deirtear gur tugadh ‘Wolf-Land’ ar Éirinn.

In 2019, bhí moladh ag an Pháirtí Ghlas gur chóir an mac tíre a thabhairt ar ais go hÉirinn. Dúirt siad go mbeadh tionchar dearfach ag mic tíre ar an timpeallacht agus ar an éiceachóras.

Tugadh an mac tíre ar ais go Páirc Náisiúnta Yellowstone sna Stáit Aontaithe in 1995. Creideann daoine go raibh ról tábhachtach acu ó shin in athbheochan na páirce agus an chothroime cheart a chruthú idir creachadóir agus creach.