Gníomhaíochtaí

Stair na heolaíochta

Léigh an giota faoi réalta agus Bain Sult as an bhFírinne agus cruthaigh amlíne a thaispeánann:

  • saol Cholum Cille
  • tógáil Bhrú na Bóinne
  • saol Masha’allah ibn Athari
  • nochtadh Chóiméad Neowise
  • tógáil an Teileascóip Mhóir
  • dáta an chóiméid a luaitear in Annála Uladh
  • an chéad tuirlingt ar an ghealach
  • aistriúchán Gaeilge ar an téacs réalteolaíochta
Divider

Stair ainmneacha

Roinn na daltaí ina ngrúpaí de thriúr. Tabhair ceist/tasc amháin as an tacar thíos do gach dalta. Ba chóir dóibh amharc ar an phictiúr den ghné réalteolaíoch cuí in Íomhánna, taighde a dhéanamh leo féin leis an fhreagra a fháil, agus an t-eolas a roinnt leis an ghrúpa mar ghníomhaíocht Teagasc Rud, Foghlaim Rud. Ba chóir do dhaltaí ó na grúpaí éagsúla a d’oibrigh ar an cheist chéanna a gcuid freagraí a chur i dtoll a chéile sula gcuireann siad i láthair an ranga iad.

  • Cad chuige a bhfuil an t-ainm sechtarré ‘seacht réalta’ fóirsteanach don réaltbhuíon a dtugtar an Céachta air?
  • Ba é rétlu mongach ‘réalta ar a bhfuil gruaig fhada’ an téarma ar chóiméad sa tSean-Ghaeilge. Tagann an focal cóiméad ón fhocal Béarla comet. Tagann an focal Béarla ón fhocal Laidine, cometes. Faigh amach an chiall atá leis an fhocal Laidine.
  • An ainm maith é grianchrios ar an Stoidiaca? Tagann an focal Stoidiaca ó fhocal Gréigise a chiallaíonn ‘ciorcal d’ainmhithe beaga’. Fiosraigh comharthaí an Stoidiaca agus na fáthanna atá taobh thiar den ainm seo.
Divider

Roghanna pearsanta

Tabhair cuairt ar phláinéadlann, ar Bhrú nó Bóinne, nó ar an Teileascóp Mór ag Caisleán Bhiorra NÓ caith oíche sa bhaile ag breathnóireacht ar an spéir le do theileascóp féin, má tá ceann agat. I ndiaidh na gcuairteanna/breathnóireachta cruthaigh blag grianghraf le ‘liosta cúláilte’ d’eispéiris na ndaltaí agus na rudaí a chonaic siad.

Divider

Gluais

ailínithe: a bheith ar aon líne le rud eile

Cónocht an Earraigh: nuair is ionann fad an lae agus fad na hoíche, 22ú Márta nó go gairid roimh nó ina dhiaidh

eaglaiseach: duine a bhfuil baint mhór aige/aici leis an eaglais. Sagart nó ministir, mar shampla

Divider