Gníomhaíochtaí

Caillte agus sábháilte

Léigh an giota ar an bhfocal ceol agus amharc ar na híomhánna éagsúla de lireanna nó cruiteacha i Nascanna. Ansin, gabh i mbun Bailiú Méide le smaoineamh ar na ceisteanna seo a leanas. I ndiaidh dóibh a gcuid moltaí a scríobh síos, thiocfadh le daltaí a bheith ina ngrúpaí de bheirteanna, ceathrair, ochtair srl. go dtí go n-aontaíonn an rang ar bharúil amháin. Beidh ar ghrúpaí maor ama, scríobhaí agus urlabhraí a roghnú.

 

  • Cad chuige ar mhair na híomhánna d’uirlisí ceoil ar chrosa agus ar scrínte ach nár mhair na huirlisí féin (a bhí déanta d’adhmad, is cosúil)?
  • Cad é mar a d’fhoghlaim ceoltóirí ceol nua sular thosaigh ceoltóirí á scríobh síos?
  • Cé na rudaí is tábhachtaí sa dhul chun cinn teicneolaíochta a ligeann dúinn ceol a thaifeadadh anois?
Divider

Teangacha Ceilteacha

Sa Nua-Ghaeilge, ciallaíonn cruit ‘cnapán’ nó ‘cláirseach bheag.’ Tá an focal crwth sa Bhreatnais ar ‘cnapán’ agus ar ‘téaduirlis’. Tá roinnt focail Ghaeilge agus Bhreatnaise cosúil lena chéile cionn is gur teangacha Ceilteacha iad. Seo roinnt samplaí eile:

Gaeilge Breatnais  Béarla
bliain blwyddyn year
broc broch badger
sean hen old

I bhfocail áirithe, má tá c san fhocal Gaeilge tá p b san fhocal Breatnaise:

Gaeilge Breatnais  Béarla
ceann pen head
mac mab son
ceathair pedwar four

Tá ceangal níos láidre ag an Ghaeilge le Gàidhlig (na hAlban) agus le Manainnis. Teangacha Gaelacha iad seo. Tá an Bhreatnais níos cóngaraí don Bhriotáinis agus don Choirnis. Teangacha Briotaineacha iad seo.

Gaeilge   Gàidhlig Manainnis Breatnais Briotáinis Coirnis
bliain bliadhna blein blwyddyn bloaz bledhen
broc  broc brock broch broc’h brogh
sean sean shenn hen hen hen
ceann   ceann kione pen penn penn
mac mac mac mab mab mab
ceathair ceithir kiare pedwar peder  peder

Tá an Ghàidhlig beo go fóill i gcodanna d’Albain, tá an Mhanainnis in úsáid ar Oileán Mhanann, an Bhriotáinis á labhairt i dTuaisceart na Fraince agus baineann an Choirnis le Corn na Breataine.

Ar an léarscáil thíos feictear cá háit a labhraítear teangacha Ceilteacha sa lá atá inniu ann. Íoslódáil agus lipéadaigh an léarscáil seo le hainmneacha na gceantar agus na dteangacha a labhraítear iontu.

Léarscáil ag rianú na dteangacha Ceilteacha. Íomhá © Shikku27316, CC BY-SA 1.0.

Déan géag na dteangacha a íoslódáil agus a líonadh isteach.

Divider

Cumhacht na cuimhne

Cum amhrán nó scéal gairid. Taifead ar ghuthán é agus cuir i leataobh é. Cuir an t-amhrán nó scéal thart ar an rang, duine amháin á aithris leis an chéad duine eile go príobháideach. Taifead an leagan deireanach agus éist leis in éineacht leis an chéad taifeadadh. Ar cuireadh an t-amhrán nó scéal ar aghaidh go cruinn? Cad é atá athraithe agus cad chuige?

Divider

Gluais

figín: píosa pláisteach a úsáideann duine le tarraingt ar shreanga agus iad ag seinm téaduirlise

téaduirlis: uirlis ceoil a bhfuil sreanga uirthi, mar shampla cláirseach, nó giotár

Divider